Testo Amhrán Na BhFiann

Testo Amhrán Na BhFiann

Amhrán na bhFiann Seo dhibh a cháirde duan Óglaigh, Cathréimeach briomhar ceolmhar, Ár dtinte cnámh go buacach táid, 'S an spéir go min réaltogach Is fonnmhar faobhrach sinn chun gleo 'S go tiúnmhar glé roimh thíocht do'n ló Faoi chiúnas chaomh na hoiche ar seol: Seo libh canaídh Amhrán na bhFiann. curfa: Sinne Fianna Fáil, atá faoi gheall ag Éirinn, Buion dár slua, thar toinn do ráinig chugainn, Faoi mhóid bheith saor, Sean tír ár sinsir feasta, Ní fhagfar faoin tiorán ná faoin tráill. Anocht a théam sa bhearna bhaoil, Le gean ar Ghaeil chun báis nó saoil, Le guna scréach faoi lámhach na bpiléar Seo libh canaídh Amhrán na bhFiann. Cois bánta réidhe, ar árdaibh sléibhe, Ba bhuachach ár sinsir romhainn, Ag lámhach go tréan faoin sár-bhrat séin, Tá thuas sa ghaoith go seolta. Ba dhúchas riamh d'ár gcine cháidh, Gan iompáil siar ó imirt áir, 'S ag siúl mar iad i gcoinne námhad, Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann. Sinne Fianna Fáil, ... A bhuíon nách fann d'fhuil Ghaeil is Gall, Sin breacadh lae na saoirse, Ta scéimhle 's scanradh i gcroíthe namhad, Roimh ranna laochra ár dtire. Ár dtinte is tréith gan spréach anois, Sin luisne ghlé san spéir anoir, 'S an bíobha i raon na bpiléar agaibh: Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann. Sinne Fianna Fáil, ...
Testi Irish Traditional