Testo Mná Na HÉireann (Women Of Ireland)

Testo Mná Na HÉireann (Women Of Ireland)

Tá bean in Éirinn a bhronnfadh séad dom 's mo sháith le n-ól
'S tá bean in Éirinn ba bhinne léithe mo ráfla ceoil ná seinm téad
Tá bean in Éirinn, 's níorbh fhearr léi beo
Mise ag léimneach nó leagtha I gcré is mo thárr faoi fhód

Tá bean in Éirinn a bheadh ag éad liom mur' bhfaighfinn ach póg
Ó bhean ar aonach, nach ait an scéala, is mo dháimh féin leo
Tá bean ab fhearr liom nó cath is céad dhíobh nach bhfagham go deo
Is tá cailín spéiriúil ag fear gan bhéarla, dubhghránna cróin

Tá bean in Éirinn a bhronnfadh séad dom is mo sháith le n-ól
Tá bean in Éirinn s'ba bhinne léithe mo ráfla ceoil ná seinm téad
Tá bean in Éirinn is níorbh fhearr léi beo
Mise ag léimneach nó leagtha I gcré 's mo thárr faoi fhód
Testi delle Celtic Woman